Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 14:15-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Agus an tan tháinic deireadh an láoi tangadar a dheisciobuil chuige, ag rádh, Ait fhásamhail so, agus do chuáidh a naimsear thearainn cheana; léig úait an slúagh, do chum go niméochaidís do na bailtibh, agus go gceannochaidis bíadh dhóibh féin.

16. Achd a dubhairt Iósa ríu, Ní righid síad a leas imtheachd; tabhruidhsi dhóibh ní lé na ithe.

17. Agus a dubhradarsan ris, Ní bhfuil again ann so achd cúig aráin, agus dá íasg.

18. Achd a dubhairt seisean ríu, Tabhraidh chugamsa íad ann so.

19. Agus ar na áithne don phubal suidhe air an bhféur, agus ar nglacadh ná gcúig narán, agus an dá íasg, ag féachain súas air neamh, do bheannaigh sé, agus ar ná mbriseadh, tug sé ná harain do ná deiscioblaibh, agus tugadar ná deisciobail don tslúagh íad.

20. Agus a dithadar uile ní, agus do sásuigheadh íad: agus do thogbhadar lán dhá chlíabhdhéag do bhíadh bhrisde do bhí dfoigheall aca.

21. Agus an mhuinntir do bhí ag ithe do bhádar a dtimcheall chúig mhíle fear, leith a muigh do mhnáibh agus do leanbaibh.

22. Agus air ball do chuir Iósa dfhiachaibh ar a dheisciobluibh dul a luing, agus dul roimhe féin don táoibh oile, no go léigeadh sé an pubal úadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 14