1. Fa a námsin do chúalaidh Iórúaith an Téatrarca clú Iósa,
2. Agus a dúbhairt sé ré na shearbhfhóghantuidhibh, A sé so Eóin Baisde; déirigh sé ó mharbhaibh; agus is dá bhrígh sin a táid subháilcighe ag oibreaghadh ann.
3. Oír do ghlac Iorúaith Eóin, agus do cheangáil sé é, agus do théilg sé a bpríosún é ar son Heródias, mna Philib a dhearbráthar féin.
4. Oír a dubhair Eóin ris. Ní dlightheach dhúít a beith agad.
5. Agus an tan do budh mhían leis a chur chum báis, do bhí eagla an phubal air, óir do bhí meas fáidhe aca air Eóin.
6. Agus an tan do bhí sóllamain an láoi ann a rughaidh Iorúaith dá dhéanamh, do rinne ínghean Heródias damhsa na fhíadhnuisi, agus do thaitin sí ré Hiorúaith:
7. Ionnas gur gheall sé maille lé mionaíbh go dtiobhradh sé dhí giodh be ar bhith ní do íarrfadh sí.
8. Agus air bhfagháil teagaísg ó ná mathair dhisi, a dubhairt sí, Tabhair dhamh ann so ceann Eóin Baisde air mhéis.
9. Agus do ghabh doilgheas an rí: achd ar son a mhionna, agus ná muinntire do bhí na suidhe ná chuibhreann, do áithin sé a thabhairt di.
10. Agus ar gcur fhir dícheanta úadh, do bhean sé a cheann Déoin ann sa phríosún.
11. Agus tugadh a cheann air mheis, agus tugadh do chailín é: agus tug sisi dá mathair é.