Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 13:5-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Agus do thuit cuid eile dhe a bhfearan chlochach, mar nach raibh móran úire aige: agus do fhás sé go lúath, do bhrígh nach bhfúair sé doimhneachd na talmhan:

6. Agus ar néirghe don ghréin, do dóidheadh é; agus ar son nach raibh fréumhaige, do shearg sé.

7. Agus do thuit cuid eile dhe eidi mhuineach; agus do éirghe an muineach súas, agus do mhuch sé é:

8. Agus do thuit cuid eile dhe a dtalamh mhaith, agus tug sé toradh, cuid céudeiread, cuid trí fichid uiread, cuid a deich fichead uiread.

9. Gidh bé agá bhfuillid clúasa chum éisdeachda, éisdeagh sé.

10. Agus tangadar a dheisciobuil chuige, agus a dubhradar ris, Créd fa labhrann tú riu a gcosamhlachduibh?

11. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Do bhrígh gur ab daóibhsi tugadh fios rúindíomhra na ríoghachda neamhdha, do bheith agaibh, agus níor tugadh dhóibhsean é.

12. Oír giodh bé neach agá bhfuil ní, is dó do bhéarthar, agus biáidh go léor aige: achd giodh bé neach a tá gan ní, toígéabhthar úadh fós an ní a tá aige.

13. Air a nadhbharsin labhraim ríu a gcosamhlachdaibh: óir giodh a tá radharc aca ní fhaicid said; agus giodh a tá éisdeachd aca ní chluiníd said, agus ní thuigid said.

14. Agus cóimhlíontar ionnta fáigheadóireachd Esaiás, a deír, Le héisdeachd do chluinfidhe, agus ní thuifidhe; agus ag amharc do chífidhe, agus ní budh léir dhaóibh:

15. Oír a tá croidhe an phubuilsi ar na reamhrughadh, agus do chúaladar go bodhar lé na gclúasaibh, agus do chaochadar a súile; deagla go bhfaicfidis lé na súilibh, agus go gcluinfidis lé na gclúasaibh, agus go dtuigfidís le na gcroidhe, agus go bhillfidis, agus go leighéosainnse íad.

16. Achd as beannaighthe bhur súilesi, do bhrígh go bhfaicid said: agus bhur gclúasa, do bhrígh go gcluinid síad.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 13