Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 13:48-58 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

48. Noch, an tan do líonadh, do thairrngeadár na híasgairighe chum na trágha, agus ar suidhe dhóibh, do chruinnigheadar nu héisg mhaithe a soithighibh, achd do theilgeadar na droichéisg amach.

49. Is mar sin bhías a ndeireadh an tsáoghail: rachaid na haingil a mach, agus dealóchuid na drochdháoine as lár na bhfíréanach,

50. Agus teilgfid íad a núamháin théilneadh: mar a mbiá gul agus gíosgán fiácal.

51. A deir Iósa ríu, Nar thuigeabháir na neíthese uile? A deiridsion ris, Do thuigeamar, a Thighearna.

52. Agus a dubhairt seisean ríu, Ar a nadhbharsin gach uile sgrioba atá foghlomtha chum ná ríochachda nemhdha is cosmháil é ré fear tighe, do bheir as a chisde neither núadha agus sean.

53. Agus an tan do chríochnáigh Iósa na cosamhlachdasa, tárla dhó, gur fhág sé a náitsin.

54. Agus an tan tháinic sé dá dhuthuidh féin, do theagaisg sé íad ann a sionagóig, ionnas gur ghabh iongnadh mór íad, agus go ndubhradar, Cáit a bfhúair anfearso a neagnaso, agus ná subháilce?

55. A né nach é so mac an tsáoir? a ne nach dá mhathair ghoirthear Múire? a né nach íad a dhearbhraithreacha, Seúmas, agus Ióses, agus Símon, agus Iúdas?

56. Agus a né nach bhfuilid a dheirbhsheathracha uile éadruinne? Air a nadhbharsin cáit ann a bhfúair sé íad so uile?

57. Agus fúarardar óilbhéim annsan. Achd a dubhairt Iósa ríu, Ní bhfuil faidh fá neimhchion, achd ann a dhuthaidh féin, agus ann thigh féin.

58. Agus ní dhearnuidh sé mórán miorbhuileadh ann sin air son a míchreidimh.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 13