42. Agus teilfid íad a núamhain air dearglasadh: mar a mbía gul agus gíosgán fiácal.
43. Soillséochaid na fíreanaigh an tansin mar an ngréin a riochachd a Nathar féin. Giodh bé agá bhfuilid clúasa chum eisdeachda, éisdeagh sé.
44. Mar an gcéudna, is cosmhail rioghachd neimhe lé cisde ar na fholach a bhfearann; noch tar éis a fhaghála, do fholuigh duine, agus tríd an ngáirdeachus do bhí air ar a shon imthighidh sé agus reacaidh sé a bhfuil aige uile, agus ceannuidhe sé an fearannsin.
45. A rís, is cosmhail ríoghachd neimhe le ceannuighe áirighthe, iárras clocha úaisle:
46. Agus ar bhfagháil áonneamh mhórlúaighe dhó, do imthigh sé agus do reac so a raibh aige uile, agus do cheannaigh se í.