38. Agus a sé an fearann an domhan; agus a sé an síol maith, clan na rioghachda; agus a sé an cogal clan an droichspioraid;
39. Agus an námhaid do chuir é a sé an díabhal é; agus a sé an fóghmhar deireadh an tsáoghail; agus a said na búanuidhe na haingil.
40. Agus amhail mar chruinnighthear an cogal, agus loisgthear é lé teinidhe; is mar sin bhías a ndeireadh an tsoaghailsi.
41. Cuirfidh Mac an duine a aingil féin, agus cruinneochuid said as a rioghachd gach uile scannail, agus an dream do ní éagcóir;
42. Agus teilfid íad a núamhain air dearglasadh: mar a mbía gul agus gíosgán fiácal.
43. Soillséochaid na fíreanaigh an tansin mar an ngréin a riochachd a Nathar féin. Giodh bé agá bhfuilid clúasa chum eisdeachda, éisdeagh sé.
44. Mar an gcéudna, is cosmhail rioghachd neimhe lé cisde ar na fholach a bhfearann; noch tar éis a fhaghála, do fholuigh duine, agus tríd an ngáirdeachus do bhí air ar a shon imthighidh sé agus reacaidh sé a bhfuil aige uile, agus ceannuidhe sé an fearannsin.
45. A rís, is cosmhail ríoghachd neimhe le ceannuighe áirighthe, iárras clocha úaisle:
46. Agus ar bhfagháil áonneamh mhórlúaighe dhó, do imthigh sé agus do reac so a raibh aige uile, agus do cheannaigh se í.
47. A ris, is cosmhail ríoghachd neimhe ré lion, ar na theilgean ann sa bhfairge, agus chruínnigheas da gach uile short éisg:
48. Noch, an tan do líonadh, do thairrngeadár na híasgairighe chum na trágha, agus ar suidhe dhóibh, do chruinnigheadar nu héisg mhaithe a soithighibh, achd do theilgeadar na droichéisg amach.
49. Is mar sin bhías a ndeireadh an tsáoghail: rachaid na haingil a mach, agus dealóchuid na drochdháoine as lár na bhfíréanach,