32. A sé go deimhin as lúgha do na huile shíoltuibh: gidheadh an tan fhásas sé, a sé is mó do na luibheannaibh, agus do nithear crann de, ionnas go ttigid éanlaith a naiéir agus go ndéanaid a nid ann a ghéagaibh.
33. Do labhair sé cosamlachd eile ríu; as cosmhail rioghachd ueimhe ré laibhín do ghlac bean, agus do fholaigh sí a dtrí pheice mine, nó gur ghabh an tiomlán laibhín.
34. Do labhair Iósa na neithesi uile ris an bpubal a gcosamhlachdaibh; agus níor labhair sé ríu achd a gcosamhlachdaibh:
35. Do chum go gcoimhlíonfuidhthe an ní a dubhradh leis an bhfáidh, a deir, Oisgéoluidh mé mo bhéul tré chosamhlachdaibh; nochdfuidh me neither a tá foluighthe ó thosach an domhain.
36. Air léigean an tsuáigh úadh an tansin, tháinic Iósa a sdeach a dtigh: agus tangadar a dheisciobail chuige, ag rádh, Mínigh dhúinne cosamhlachd chogail an fhearainn.
37. Agus air bhreagra dhósan a dubhairt sé ríu, An té chuireas an síol maith a sé Mac an duine é;
38. Agus a sé an fearann an domhan; agus a sé an síol maith, clan na rioghachda; agus a sé an cogal clan an droichspioraid;
39. Agus an námhaid do chuir é a sé an díabhal é; agus a sé an fóghmhar deireadh an tsáoghail; agus a said na búanuidhe na haingil.
40. Agus amhail mar chruinnighthear an cogal, agus loisgthear é lé teinidhe; is mar sin bhías a ndeireadh an tsoaghailsi.