Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 13:28-34 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

28. Agus a dubhairt seision ríu, Easgcara éigin do rinne so. Agus a dubhradar na searbhfhoghantuidhe ris, A nail leachd air a nadhbharsin go ndeachmáoisne agus gi gcruinneochamaois a bhfochair a chéile íad?

29. Agus a dubhairt seisean ríu, Ní háill; air eagla ag cruinneaghadh an chogail daóibh, go mbeanfeachd sibh an chruithneachd as a fréumhaibh a naóinfheachd ris.

30. Fuilngidh dhóibh aráon fás no go dtí an foghmhar: agus a naimsir a nfóghmhair déara misi rém luchd búana, Cruinnighidh ar tús an cogal, agus ceangluidh é ua phunnannaibh do chum a loisgthe, agus cruinnighidh an chruithneachd dom sgioból.

31. Do chuir sé cosamhlachd eile chuca, ag rádh, Is cosmhuil ríoghachd neimhe ré gráinne síol musdaird, do ghabh neach chuige, agus do chuir sé ann a fhearann:

32. A sé go deimhin as lúgha do na huile shíoltuibh: gidheadh an tan fhásas sé, a sé is mó do na luibheannaibh, agus do nithear crann de, ionnas go ttigid éanlaith a naiéir agus go ndéanaid a nid ann a ghéagaibh.

33. Do labhair sé cosamlachd eile ríu; as cosmhail rioghachd ueimhe ré laibhín do ghlac bean, agus do fholaigh sí a dtrí pheice mine, nó gur ghabh an tiomlán laibhín.

34. Do labhair Iósa na neithesi uile ris an bpubal a gcosamhlachdaibh; agus níor labhair sé ríu achd a gcosamhlachdaibh:

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 13