19. Coimhmionca agus éisdeas duine bríathar na ríoghachda, agus nach dtuigeann sé é, tig an droichspiorad, agus fúaduighe se an ní do cuireadh ann a chroidhe. Ag so an duine úd ann ar cuireadh an siol chois na slígheadh.
20. Agus an té úd ann ar cuireadh an síol a bhfearann chlochach, a sé sud an té do chluin an bhríathar, agus ghabhas chuige é do láthair maille re gáirdeachas;
21. Achd ní bhfuil fréamh aige ann féin, achd fanuidh sé ar feadh tamaill: agus an tan thig trioblóid nó búaidhreadh ar son na bréithre, air ball do gheibh sé oilbhéim.
22. Agus an neach úd ann ar cuireadh an síol a measg an mhuinigh ag so an té do chluin an bhríathar; agus múchaidh róchuram an tsaoghailsi, agus mealltóireachd an tsaidhbhris an bhríathar, agus bí sé gan toradh.
23. Agus an té úd ann ar cuireadh an síol a bhfearann maith a sé so an té do chluin, agus thuigeas an bhríathar; agus iomchras toradh, agus do bheir, cuid céud uiread, cuid trí fichid, agus cuid eile a deich fichead.
24. Do chuir sé cosamhlachd eile chuca, ag rádh, Is cosmhail ríoghachd neimhe ré duine do chur síol maith ann a fhearann:
25. Agus an tan do bhádar dáoine na gcodladh, tháinic a námhaid agus do chuir sé cogal third an gcruithneachd, agus do imthigh sé roimhe.
26. Agus an tan do fhás an geamhar agus tug sé a thoradh, ann sin do fhoillsigh an cogal é féin.
27. Achd ar dteachd do shearbhfhóghantaóibh fhir an tighe, a dubhradar ris, A thighearna, a né nach síol maith do chuir tú ann tfearann? Air a nadhbharsin cáit as a bhfaghann sé an cogal?