17. Oír a deirimsi ribh go fírinneach, Gur ab iomdha faidhe agus firéanuigh lé ar mhían na neithesi do chithisi dfaicsin, agus ní fhacada; agus na neither do chluinti do chloisdin agus ní chúaladar.
18. Air a nadhbharsin éisdigh ré cosamhlachd an tsíoladóra.
19. Coimhmionca agus éisdeas duine bríathar na ríoghachda, agus nach dtuigeann sé é, tig an droichspiorad, agus fúaduighe se an ní do cuireadh ann a chroidhe. Ag so an duine úd ann ar cuireadh an siol chois na slígheadh.
20. Agus an té úd ann ar cuireadh an síol a bhfearann chlochach, a sé sud an té do chluin an bhríathar, agus ghabhas chuige é do láthair maille re gáirdeachas;
21. Achd ní bhfuil fréamh aige ann féin, achd fanuidh sé ar feadh tamaill: agus an tan thig trioblóid nó búaidhreadh ar son na bréithre, air ball do gheibh sé oilbhéim.