1. Agus ar nimtheachd Díosa a mach as an detach an lásin, do shuigh sé láimh ris an bhfairge.
2. Agus do chruinnigheadar slúaighte móra chuige, ionnas ar ndul a sdeach a luing, gor shuidh sé; agus do sheas an slúagh uile ar an dtráigh.
3. Agus do labhair sé móran ríu a gcosamhlachduibh, ag rádh, Féuch, do chuáidh síoladóir a mach do chur síl;
4. Agus ag cur an tsíl dó, do thuit cuid dhe chois na sligheadh, agus tangadar na héanlaith, agus a dúadar é:
5. Agus do thuit cuid eile dhe a bhfearan chlochach, mar nach raibh móran úire aige: agus do fhás sé go lúath, do bhrígh nach bhfúair sé doimhneachd na talmhan:
6. Agus ar néirghe don ghréin, do dóidheadh é; agus ar son nach raibh fréumhaige, do shearg sé.