Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 12:23-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

23. Agus do ghabh iongantus an pubal uile, agus a dubhradar, A né nach é so mac Dháibhi?

24. Agus an tan do chúaladar na Phairisinigh so, a dubhradar, Ni theilgeann an féarso na deamhain amach, achd tré Bheilsebub prionnsa na ndeamhan.

25. Achd an tan do aithin Iósa a smúaintighthe, a dubhairt sé riu, Gach rioghachd atá roinnte na haghaidh féin biáidh sí na fásach; agus gach uile chathair nó teagh a tá roinnte na aghaidh féin ní sheasfuidh sé:

26. Agus ma theilgeann Satan, Santan a mach, a tá sé roinnte na aghaidh féin; ar a nadhbharsin cionnus anfus a ríoghachd na seasamh?

27. Agus mas le cumhachdaibh Bheilsebub theilgimsi a mach na deamhain, cía lé a dteilgid bhur gclannsa a mach úid? air a nadhbharsin béid siadsan na mbreitheamhuin oraibhse.

28. Achd más lé Spioruid Dé theilgimsi a mach na deamhain, tháinic rioghachd Dé chugaibhsi go deimhin.

29. No cionnas is éidir lé héinneach dul go tigh dhuine láidir, agus a airnéis tighe dfúadach leis, muna gceangluidh sé ar tús an duine láidir? agus ann sin sladfuidhe sé a thigh.

30. Giodh bé nach bhfuil leamsa a tá sé a maghaidh; agus giodh bé nach ccruinnigheann leamsa scahuighe sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 12