1. Do chúaidh Iósa fá námsin an sá tsáoire third na gortaibh; agus do bhí ocras air a dheisgiobluibh, agus do thionnsgnadar déasach do bhúain, agus a nithe.
2. Agus an tan do choncadar na Pháirisinigh so, a dubhradar risean, Féuch, do ní do dheisgiobail ní nach coir do dhéanamh ann sá tsáoire.
3. Agus a dubhairt seision ríu, A né nár léaghabhair créd do rinne Dáibhi, an tan do bhí ocras air féin, agus ar an mhuinntir do bhí ná fharradh;
4. Ciondas do chúaidh sé a sdeach go tigh Dé, agus do ith sé aráin ná híodhbartha, nar cheaduightheach dhó féin, ná don droing do bhí na fhochair dithe, achd do na sagartaibh a mháin?
5. No a né nár léaghabhair ann sa dligheadh, go mbrisid na sagairt ann sa tteampoll an tsáoire lá na sabboíde, agus go bhfuilid neimhchiontach?
6. Achd a deirim ribh, Go bhfuil neach is mó na an teampoll ann so.
7. Agus da mbeith a fhios agaibh créd is cíall dó so, Is trócaire is aill leam, agus ní híodhbairt, ní dhaimnéochadh sibh na daóine neimhchiontacha.
8. Oír a sé Mac ann duine Tighearna na sabbóide féin.
9. Agus tar éis imtheachda as sin do, tháinic sé dá sionagóig súd.
10. Agus, féuch, do bhí duine an nag a raibh lamh sheargthuighe. Agus do fhiofruigheadar dhe, ag rádh, An ceaduightheach leigheas do dhéanamh annsa tsáoire, iónus go gcuirfidis cuis air.