Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 11:4-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Imthighidh agus innisigh Déoin na neithe do chluinntí agus chithí:

5. Do gheibhid na doill a radharc, agus siobhluid na bacaigh, glantar na lobhair, agus do chluinid na bodhair, dúisgthear na máirbh, agus a tá an soisgéul da sheanmóir do na bochdaibh.

6. Agus is beannuighthe an té, nach bhfuighe scannail ionnamsa.

7. Agus air nimtheachd dóibhsion, do thionnsgain Iósa teachd thar Eóin ris ata gcoimhthionól, ag rádh, Créd é an ní agá ndeachabhair a mach fan fhásach dá fhéachain? An giolcach dá bhogadh ag an ngáoith?

8. Achd créd é an ní agá ndeachabhair a mach dá fhéuchuin? Duine a tá ar na éadughadh re héaduighibh mine? féuch, an mhuinntir chuireas éaduighe mine iompa is a dtighthibh na riogheadh bhíd said.

9. Achd créd é an ní ag a ndeachabhair a mach da fhéuchain? Fáidh? a deirim ribh go deimhin, an ní as mó ná fáidh.

10. Oir a sé so an té, air a sgriobhthar, Féuch, cuirimsi mo theachdaire romhad, neach uillmhéochas do shlighe romhad.

11. A deirim ribh go fírinneach, Nach ar eirghidh eidir chlannaibh na mban neach is mó ná Eoin Baisde: ach cheana giodh bé is lugha ann sa rioghachd neamhdha is mo é ná eisean.

12. Agus ó láethibh Eóin Baisde gus a nois a tá foiréigean dá dhéanamh ar an rioghachd neamhdha, agus fúaduighid luchd fhoiréigin í.

13. Oír do rinneadar na fáighe uile agus an dligheadh fáigheadóireachd go Héoin.

14. Agus mas toil libh a ghabháil, sé so Elias, do bhí chum teachda.

15. Giodh bé agá bhfuil clúasa chum éisdeachda, eisdeadh sé.

16. Achd cía lé a samhleóchuidh mé an geinealachso? Is cosmháil é ré garlachuibh shuigheas ar na marguidhibh, agus eimhgheas ar a gcompánachuibh,

17. Agus a deir, Do rinneamar céol dháoibh, agus ní dhearnábhair dámhsa; do cháoineamar dháoibh, agus ní dhearnábhair gul.

18. Oír tháinic Eóin ní ag ithe ná ag ól, agus a deirid said, A tá deamhan ann.

19. Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól, agus a deirid, Féuch an duine cráosach, agus pótaire fíona, cara na bpuibliocánach agus na bpeacthach. Gidheadh a tá an ghliocas ar na sáoradh ó na cloinn féin.

20. Do thionnsgain sé an tansin milleán do thabhairt do na cathrachaibh ann ar foillsigheadh mórán dá shubhailcidhibh, ar son nach dearnadar aithríghe:

21. Is anáoibhinn dhuit, a Chorasin! Is anáoibhinn duit, a Bhetsáida! Óir da madh a Ttírus agus a Sídon, do dhéantuidhe na miorbhuile, do rinneadh ionnaibhsi, is fada ó shoin do dhéindís aithrighe a néadach róin agus a lúaith.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 11