Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 11:18-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Oír tháinic Eóin ní ag ithe ná ag ól, agus a deirid said, A tá deamhan ann.

19. Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól, agus a deirid, Féuch an duine cráosach, agus pótaire fíona, cara na bpuibliocánach agus na bpeacthach. Gidheadh a tá an ghliocas ar na sáoradh ó na cloinn féin.

20. Do thionnsgain sé an tansin milleán do thabhairt do na cathrachaibh ann ar foillsigheadh mórán dá shubhailcidhibh, ar son nach dearnadar aithríghe:

21. Is anáoibhinn dhuit, a Chorasin! Is anáoibhinn duit, a Bhetsáida! Óir da madh a Ttírus agus a Sídon, do dhéantuidhe na miorbhuile, do rinneadh ionnaibhsi, is fada ó shoin do dhéindís aithrighe a néadach róin agus a lúaith.

22. Achd cheana a deirimsi ribh, Go madh socamhluighe do Thírus agus do Shídon a ló an bhreitheamhnus, na dháoibhsi.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 11