Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 11:16-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Achd cía lé a samhleóchuidh mé an geinealachso? Is cosmháil é ré garlachuibh shuigheas ar na marguidhibh, agus eimhgheas ar a gcompánachuibh,

17. Agus a deir, Do rinneamar céol dháoibh, agus ní dhearnábhair dámhsa; do cháoineamar dháoibh, agus ní dhearnábhair gul.

18. Oír tháinic Eóin ní ag ithe ná ag ól, agus a deirid said, A tá deamhan ann.

19. Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól, agus a deirid, Féuch an duine cráosach, agus pótaire fíona, cara na bpuibliocánach agus na bpeacthach. Gidheadh a tá an ghliocas ar na sáoradh ó na cloinn féin.

20. Do thionnsgain sé an tansin milleán do thabhairt do na cathrachaibh ann ar foillsigheadh mórán dá shubhailcidhibh, ar son nach dearnadar aithríghe:

21. Is anáoibhinn dhuit, a Chorasin! Is anáoibhinn duit, a Bhetsáida! Óir da madh a Ttírus agus a Sídon, do dhéantuidhe na miorbhuile, do rinneadh ionnaibhsi, is fada ó shoin do dhéindís aithrighe a néadach róin agus a lúaith.

22. Achd cheana a deirimsi ribh, Go madh socamhluighe do Thírus agus do Shídon a ló an bhreitheamhnus, na dháoibhsi.

23. Agus tusa, a Chapernáum, a tá ar do thógbháil súas go neamh, téilgfidhthear síos go hifrionn thú: óir dá madh a measg luchd Shodoim do dhéantuidhe na míorbhuile, do rinneadh ionnadsa, do anfaidis gan sgrios gus a níu.

24. Achd cheana a deirimsi ribh, Go madh socamhluighe do dhúthaidh luchd Shodoim a ló a bhreitheamhnuis, ná dhuitsi.

25. Do fhreagair Iósa a nuáirsin agus a dubhairt sé, Do bheirim buidheachas dhuit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, ar son gur fholuigh tú ná neithese ó dháonibh eagnuidhe agus tuigseanacha, agus gur nocht tú íad do leanbaibh.

26. A seadh, Athair: do bhrígh gur ab mar sin do bhí do dheaghthoilse.

27. A tá gach uile ní ar na thabhairt dhamhsa ó Máthair: agus ní háithnidh déinneach an Mac, achd do Náthair; agus ní báithnidh deinneach an Tathair, achd don Mhac, agus dá gach áon dár ab áill leis an Mac a fhoillsiughadh.

28. Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh.

29. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh.

30. Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 11