12. Agus ar ndul a sdeach do tigh dháoibh, beannuighidh dhó.
13. Agus mas fíu an tighsin é, go bhfoghnuigh bhur mbeannughadh dhó: agus muna fíu, go bhfillidh bhur mbeannughadh chugaibh féin a rís.
14. Agus giodh bé neach nach géubhaidh sibhsi, agus nach éisdfidh bhur mbriathar, ar ndul a mach as an teach nó as an gcathruighsin díbh, craithidh dhíbh lúaithreadh bhur gcos.
15. A deirim ribh go deimhin, go madh socamhluidhe do thalamh luch Shodóm agus Ghomorra a ló an bhreitheamhnus, nó don chathruighsin.
16. Féuch, cuirimse sibhse mar cháorchaibh a measg mhadradh állta: ar anadhbharsin bídhidh glic mar na haithreacha neimhe, agus neamburchóideach mar na colama.
17. Achd bídhidh ar bhur gcoimhéd ar na dáoinibh: óir do bhéuraid said a láimh sibh do chomhairleachaibh, agus sgíursfuid sibh ann siónagógaibh;
18. Agus fós béarthar sibh chum úachdarán agus chum rioghtheadh ar mo shonsa, mar fhínné dhóibhsean agus do na Cineadhachuibh.
19. Achd an tan do bhéaraid said úatha a láimh sibh, na bíodh na rochás oruibh cionnas no créd laibhéortháoi: óir do bhéarthar dháoibh ar a núarsin féin an ní laibhéortháoi.
20. Oír ní sibhsi labhrus, achd Spiorad bhur Nathar féin labhrus ionnaibh.