Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 10:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus ar ngairm a dhá dheisgióbal déag, tug sé chumhachda dhóibh a naghaidh na spiorad neamhghlan, do chum go tteilgfeidis a mach íad, agus go sláneochaidis gach uile easlainte agus éagcrúas.

2. Agus a said so anmanna an dá easbal déug; An cheadduine dhíobh, Síomón, da ngoirthear Peadar, agus Aindrías a dhearbhráthair; Séumas mhac Sebedé, agus Eóin a dhearbhrathair.

3. Phillip, agus Bartalomeus; Tomás agus Matta fear cruinnighthe an chusduim; Séumus mhac Alpheus agus Lebéus, dara chomhainm Tádéus;

4. Siomón ó Chánaan, agus Iúdas Iscariótes, an té fós do bhraith eisean.

5. Do chuir Iósa an da fhear dhéugso a mach, a tabhairt aitheantadh dhóibh, ag rádh, Na gabhaidh go slighe na Gcineadhach, agus na heírghigh a sdeach a gcathuir na Samaritánach;

6. Achd go madh táosga rachtháoi chum cáorach thighe Israel atá ar ndul a múgha.

7. Agus ar nimtheachd dháoibh, déunidh seanmóir, ag radh, Do dhruid rióghachd neimhe ribh.

8. Slánaighidh na daóine éugcrúaidhe, glanaigh na lobhair, dúisgidh na mairbh, teilgidh a mach na deamhain: a naisgidh fúarabhair, tabhruidh uáibh a naisgidh.

9. Na soláthruigh ór, na airgead, na úmha in bhur gcreasaibh,

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 10