Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 1:10-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Agus do ghein Esechías Manasses; agus do ghein Manasses Amon; agus do ghein Amon Iosías;

11. Agus do ghein Iosías Iechonías agus a dhearbhráithre, ag bruid na Babilóine.

12. Agus tar éis bruide na Babilóne, do ghein Iechonias Salatiel; agus do ghein Salatiel Sorobabel

13. Agus do ghein Sorobabel Abiúd, agus do ghein Abiúd Eliachim; agus do ghein Eliáchim Asor;

14. Agus do ghei Asor Sádoc; agus do ghein Sádoc Achim; agus do ghein Achim Eliúd;

15. Agus do ghein Eliúd Eleasar; agus do ghein Eleasar Mátan; agus do ghein Mátan Iácob;

16. Agus do ghein Iácob Ióseph fear Mhuire, as ar geineadh Iósa, da ngoirthear Críosd.

17. Uime sin a nuile gheinealach ó Abraham go Dáibhi is ceithre gheinealach dég iad; agus ó Dháibhi go bruid na Babilóne ceithre glúine dég; agus ó bhruide na Babilóne go Chríosd ceithre glúine dég.

18. Agus is mar so do bhí geineamhuin Iosa Chríosd: Oir tar éis daingin do thabhairt eidir a mhathair Muire agus Ioséph, ní is táosga na thangadar a ngar dá cheile fríoth torrach í ón Spiorad Náomh.

19. Achd ar mbeith do Ióseph a fear, na dhuine comhthrum, agus nár bháill leis isiompláir do dhéanamh dhi, bá mían ris a cur úadh ós íseall

20. Agus ag smúaineadh na neithise dhó féuch, do fhoillsigh aingeall an Tighearna e féin dó a naisling, ag rádh, A Ióseph, mhic Dháibhi, na bíodh eagla ort do bhean fein Muire do ghabháil chugad; oir an ni atá ar na gheineamhuin innte is ón Spiorad Náomh é.

21. Agus béaruidh sí mac, agus do bhéaruidh tú Iosa dainm air: óir sláineochadh sé a phubal féin ó na bpeacuighibh.

22. Agus do rinneadh so uile, do chum go gcoimhlíonfuighthe an ní a dubhairt an Tighearna tres an bhfaidh, ag rádh,

23. Tabhair dod aire, bíaidh maighdean tórrach, agus bearuidh sí mac, agus do bhéaruidh tú Emmanuel dainm air, noch ar na mhiniughadh, iseadh, Día maille rinn.

24. Agus ar músgladh do Ióseph as a chodladh do rinne sé mar do aithin aingeal an Tighearna dhe, agus do ghabh sé chuide a bhean:

25. Agus nior aithin sé í no go rug sí a céudmhac: agus tug sé Iosa dainm air.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 1