Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 8:27-38 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

27. Agus do chúaidh Iósa, agus a dheiscionail a mach, go bailtibh Sesáréa Philippi: agus do chuir sé ceisd ar a dheisciobluibh ar a tslighe, ag rádh ríu, Cred a deirid na ndáoine cía misí?

28. Achd do fhreagradarsan, Eóin Baisde: agus cuid eile, Elias; agus cuid eile, Aon do na fáidhibh?

29. Agus a dubhairt seisean ríu, Achd créd a deirthísi cía mé? Ar bhfreagra do Pheadar, a dubhairt sé ris, As tú Críosd.

30. Agus do bhagair sé orrtha gan innse deinneach dá tháobh féín.

31. Agus do thionnsgain sé a dteagasg, gur ab éigin do Mhac an duine morán dfhulang, agus a dhíultadh ó na sinnsearuibh, agus ó úachdaránuibh na sagart, agus ó na sgríobuidhibh, agus a mharbhadh, agus éirghe a rís a gcionn trí lá.

32. Agus do labhair sé an glórsa ós áird. Agus ar mbreith do Pheadar air, do thionnsgain sé achmhusán do thabhairt dó.

33. Achd ar gcasadh dhósan agus ar bhfhéachain ar a dheisciobluibh, do imdhearg se Peadar, ag rádh, Imthigh am dhíaigh, a Shatáin: óir ní thuigeann tú na neithe bheanas ré Día, achd na neithe bheanas ré dáoinibh.

34. Agus ar ngairm an tslúaigh agus a dheisciobail chuige dhó, a dubhairt sé ríu, Gidh bé lé nab aill misi do leanmhuin, díultadh sé dhó féin, agus tógbhadh sé a chros, agus leanadh sé misi.

35. Oír gidh bé neach lé nab áill anam féin do choimhéd caillfidh sé é; agus gidh bé neach chaillfeas anam féin ar mo shonsa, agus ar son an tsoisgéil, coimhéudfaidh sé é.

36. Oír créd é an tarbha do neach ar bith, dá ngnodhuighe sé an domhan uile, agus anam féin do cháill?

37. Nó créd í maluirt do bhéuradh éinneach ar son anma féin?

38. Oir gidh bé neach lér náir misi, agus mo bhríathra ann sa chineadh adhaltrannach agus pheacthadh so; budh náir lé Mac an duine eisean mar an gceadna, an tan thiocfas sé a nglóir Athar féin maille ré na ainglibh náomhtha.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 8