Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 6:13-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Agus do theilgeadar mórán deamhan a mach, agus do ungadar mórán do dháoinibh tinne le hóla, agus do shlánuigheadar íad.

14. Agus do chúalaidh an rí Iorúaith so; (oír do chúaidh ainm oidheirc airsion:) agus a dubhairt sé, Gur éirigh Eóin Baisde ó mharbhuibh, agus dá bhrígh sin a táid subháilcighe ag oibriughadh ann.

15. A dubhradar dream eile, Gur bhé Eliás é. Agus a dubhradar dream eile, Gur bhfáidh é, nó mar áon do na fáidhibh.

16. Achd ar na chluinsín Diorúaith, a dubhairt sé, Is é so Eóin, do dhicheann misi: déirigh sé ó mharbhuidh.

17. Oír ag cur dháoine úadh Diorúaith, do ghabh sé Eóin, agus do cheangail sé a bpríosun é ar son Heródias, mhná phósda Philip a dhearbhráthar féin: do bhrígh gur phós sé í.

18. Oír a dubhairt Eóin ré Hiorúaith, Ní ceaduightheach dhuit bean Phósda do dhearbhráthar féin do bheith agad.

19. Achd do bhí Heródias ar a thíochsean, agus bá mían lé a mharbhadh; achd níor bhéidir lé.

20. Oír do bhí eagla Eóin ar Iorúaith, ar mbéith a fheasa aige gur dhuine comhthrom náomhtha é, agus do choimhéd sé é; agus ar néisdeachd ris, do níodh sé mórán, agus do éisdeadh sé ris go toileamhail.

21. Agus an tan do bhí lá iomchubhaidh ann, an a ndearna Iorúaith suipér dá úaislibh, agus dá cháiptínibh, agus dúachdaránuibh na Galilé, comhainm a láoi fá rugadh é;

22. Chúaidh inghean Heródías a sdeach, agus do rinne sé damhsa, agus do thaitin sí ré Hiorúaith agus ris an guídeachda do bhí ar an mbórd na fhochair, agus a dubhairt an rí ris an gcailín, Iarr oramsa gidh bé ní is áill leachd, agus do bhéura mé dhuit é.

23. Agus tug sé mionna dhí, Gidh bé ní íarrfus tú oram, do bhéura mé dhuit é, go leath mo ríoghachda.

24. Achd ar nimtheachd a mach dhisi, a dubhairt sé ré na mathair, Créd iárfas mé? Agus a dubhairt sisi, Ceann Eóin Baisde.

25. Agus táinic sisi ar an mball a sdeach chum a ríogh maille ré deithbhír, agus do íarr sí, ag rádh, Is sí mo thoil thú do thabhairt chinn Eóin Baisde dhamh a nois ar mhéis.

26. Agus do bhí an rí lán do dhoilgheas; achd ar son a mhionn, agus na druinge do bhí na suidhe na fhochair, níor bháill leis isi do dhiultadh.

27. Agus ar gcur fir dicheanta a mach don rígh do láthair, do aithin sé a cheannsan do thabhairt a sdeach: agus do imthigh seisean, agus do dhícheann sé é ann sa phríosún,

28. Agus tug se a cheann leis ar mhéis, agus tug sé don chailin é: agus tug an cailín é dá máthair.

29. Agus an tan do chúaladar a dheisciobuilsion so, tangadar, agus do thógbhadar a chorp, agus do chuireadar a dtuama é.

30. Agus do chruinnigheadar na heasbuil chum Iósa, agus do fhoillsigheadar dhó na huile ní, agus gach ní dá ndearnadar, agus gach ní dar mhúineadar.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 6