Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 3:1-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus dó chúaidh Iósa a sdeach a rís don tsionagóig; agus do bhi neach ann sin agá raibh a láimh ar na seargadh.

2. Agus do bhádar agá bhrath, an sláinéochadh sé é san tsabbóid; ionnus go gcuirfidís cúis air.

3. Agus a deir sé ris an duine agá raibh an lámh sheargthaigh, Sheasamh a meadhón cháich.

4. Agus a dubhairt sé riusan, An ceaduigheach maith, ná olc do dhéanamh san tsabbóid? anam do shlánughadh, nó do mharbhadh? Achd do éisdeadarsan.

5. Agus ar bhfeachain go feargach orrthasan na thímcheall, ar ngabháil dóilghis chuige ar son chrúais a gcróidheadhsan, a dubhairt sé ris an duine, Sín a mach do lámh. Agus do shín: agus do haiseagadh a lámh slán mar an láimh eile.

6. Agus ar ndul a mach do na Phairisíneachuibh, do rinneadar comhairle ar an mball le muinntir Iorúaith na aghaidhsion, cionnas do mhíllfhidís é.

7. Achd do chúaidh Iósa maille ré na dheisclobluibh do leath táoibh chum na fairge: agus do lean slúagh mor on Ghalilé, agus ó thír Iúdaighe é.

8. Agus ó Ierusaléím, agus ó Iduméa, agus ón táobh thall do Iórdán; agus an dream do aitreabh timcheall Tírus agus Sidon, an tan do chúaladar méud na neitheadh do rinne se, tangadar chuige buidhan mhór.

9. Agus a dubhairt seisean ré na dheisciobluibh, long bheag do bheith do ghnáth ag feitheamh air ón tslúagh, ionnus nach brúidhfidís é.

10. Oír do shlánuigh sé mórán; ionnus gur lingeadar air an mhéid ar a rabhadar easláinteadha, do chum go gcuiméolaidís ris.

11. Agus an tan do chidís na spioraidighe neamhghlana é, do shléachdaidís do, agus do éighmhidís, ag rádh, Is tusa Mac Dé.

12. Achd do bhagair séisean go mór orrtha, do chum nach bhfoilseochaidís é.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 3