8. Agus ar an mball ar na aithne Diósa an a spíoraid féin go rabhadarsan ag smuáintiughadh mar sin ionnta féin, a dubhairt sé ríu, Créd fá smuáintisi na neithesi an bhur gcroidhthibh?
9. Cía is usa a rádh ré fear na pairilisi, A táid do pheacuigh ar na maitheamh dhuit; na a rádh, Eirigh, agus tóguibh do leaba, agus siobhail?
10. Achd ionnas go mbeith a fhios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine peacaigh do mhaith ar an dtalamh, (a deir sé ré fear na pairilisi,)
11. A deirimsi riot, Eirigh, agus tóguibh do leabuidh, agus imthigh dod thigh.
12. Agus do éirigh seisean ar an mball, agus ar dtógbháil a leabtha, do chuáidh sé a mach na bhfíadhnuisi uile; ionnas gur ghabh úathbhás íad uile, agus go dtugadar glóir do Dhía, ag rádh, Ní fhacamairne a leitheid so a ríamh.
13. Agus do chúaidh sé a mach a rís chum na fairge; agus táinic an slúagh uile chuige, agus do theaguisg sé íad.