Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 2:5-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Agus an tan do chonnairc Iósa a gcreideamh, a dubhairt sé ré fear na pairilisi, A mhic, a táid do pheacaidh ar na maitheamh dhuit.

6. Achd do bhádar drong áirighe do na sgríobuidhibh na suidhe ann sin, agus íad ag smúaintiughadh an a gcróidhthibh féin,

7. Créad fá labhrann an fear so blaispheimighe mar so? cia fhéudus peacuigh do mhaitheamh achd Día na áonar?

8. Agus ar an mball ar na aithne Diósa an a spíoraid féin go rabhadarsan ag smuáintiughadh mar sin ionnta féin, a dubhairt sé ríu, Créd fá smuáintisi na neithesi an bhur gcroidhthibh?

9. Cía is usa a rádh ré fear na pairilisi, A táid do pheacuigh ar na maitheamh dhuit; na a rádh, Eirigh, agus tóguibh do leaba, agus siobhail?

10. Achd ionnas go mbeith a fhios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine peacaigh do mhaith ar an dtalamh, (a deir sé ré fear na pairilisi,)

11. A deirimsi riot, Eirigh, agus tóguibh do leabuidh, agus imthigh dod thigh.

12. Agus do éirigh seisean ar an mball, agus ar dtógbháil a leabtha, do chuáidh sé a mach na bhfíadhnuisi uile; ionnas gur ghabh úathbhás íad uile, agus go dtugadar glóir do Dhía, ag rádh, Ní fhacamairne a leitheid so a ríamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 2