Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 2:10-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Achd ionnas go mbeith a fhios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine peacaigh do mhaith ar an dtalamh, (a deir sé ré fear na pairilisi,)

11. A deirimsi riot, Eirigh, agus tóguibh do leabuidh, agus imthigh dod thigh.

12. Agus do éirigh seisean ar an mball, agus ar dtógbháil a leabtha, do chuáidh sé a mach na bhfíadhnuisi uile; ionnas gur ghabh úathbhás íad uile, agus go dtugadar glóir do Dhía, ag rádh, Ní fhacamairne a leitheid so a ríamh.

13. Agus do chúaidh sé a mach a rís chum na fairge; agus táinic an slúagh uile chuige, agus do theaguisg sé íad.

14. Agus ag gabháíl tháiris dó, do chonnairc sé Lébhi mac Alphéi na shuidhe ag bórd an chusduim, agus a dubhairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirghe dhosan do lean sé é.

15. Agus tarla, an tan do shuigh Iósa chum bídh an a thigh súd, gur shuigheadar mórán puiblicán agus peacach fós ma ráon ré Hiósa agus ré na dheisciobluibh: óir do bhádar móran, agus do leanadar é.

16. Agus an tan do chonncadar na gríobuidhe, agus na Phairisínigh eision ag caitheamh bídh a bhfochair na bpubliocá agus na bpeacach, a dubhradar ré na dheisciobluibh, Créd fá nítheann agus fá nibheann sé a bhfochair na bpubliocán agus na bpeacach?

17. Agus an tan do chúaluidh Iósa so, a dubhairt sé ríu, Ni bhfuil ríachdanus ag na dáoinibh slána ré liaigh, achd ag na dáoinibh easlán. Ní tháinic misi do ghairm na bhfiréunach, achd na bpeacach chum aithríghe.

18. Agus do throisgeadar deisciobail Eóin agus na Bhphairisíneach: agus tígid agus a deirid risean, Créd fá dtroisgid deisciobail Eóin agus na Bhphairisíneach, agus nach déunid do dheisciobailsi trosgadh?

19. A dubhairt Iósa ríu, A nféidir lé clóinn séomra an fhir núaphósda, an fad bhías an fear núaphósda na bhfochair trosgadh do dhéanamh? an fad a tá an fear núaphósda aca na bhfochair, ní fhéidir leo trosgadh do dheanamh.

20. Achd tiocfuidh na laéthe, an a mbéurthar úatha an fear núaphósda, agus ann sin do dhéanuid trosgadh ann sna laéthibh sin.

21. Agus ní fhúaigheann neach ar bith preabán déudach núa lé seinéudach: nó beanuidh an prebán núa úd cuid don tseineudach, agus is móide an briseadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 2