Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 2:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus a gcionn bheagáin aimsire na dhíagh sin do chuáidh sé a rís go Capernáum; agus do clós eisean do bhéith a dtigh.

2. Agus ar an mball do chruinnígheadar móran a gceann a chéile, ionnas nar thuilleadar ann sna hionadaibh a dtimcheall ann doruis: agus do rinne sé an bhriathar do sheanmóir dhóibh.

3. Agus tangadar chuige dream, ag iomchar fhir pairilisi, agá raibh ceathrar dá iomchar.

4. Agus do bhrigh nár bhéidir léo teachd a ngar dhó ón tslúagh, do nochadar mullach an tighe an a raibh sé: agus ar na pholladh dhóibh, do léigeadar sios lé téudibh an leabuibh ann a raibh na pairilisi na luighe.

5. Agus an tan do chonnairc Iósa a gcreideamh, a dubhairt sé ré fear na pairilisi, A mhic, a táid do pheacaidh ar na maitheamh dhuit.

6. Achd do bhádar drong áirighe do na sgríobuidhibh na suidhe ann sin, agus íad ag smúaintiughadh an a gcróidhthibh féin,

7. Créad fá labhrann an fear so blaispheimighe mar so? cia fhéudus peacuigh do mhaitheamh achd Día na áonar?

8. Agus ar an mball ar na aithne Diósa an a spíoraid féin go rabhadarsan ag smuáintiughadh mar sin ionnta féin, a dubhairt sé ríu, Créd fá smuáintisi na neithesi an bhur gcroidhthibh?

9. Cía is usa a rádh ré fear na pairilisi, A táid do pheacuigh ar na maitheamh dhuit; na a rádh, Eirigh, agus tóguibh do leaba, agus siobhail?

10. Achd ionnas go mbeith a fhios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine peacaigh do mhaith ar an dtalamh, (a deir sé ré fear na pairilisi,)

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 2