Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 16:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus ar ndul don tsabbóid thárrsa, do cheannuigh Muire Magdalén agus Muire mathair Shéumuis, agus Salóme, spíosradh deaghbhaluidh, chum go dtiocfaidis agus go nungfaidis é.

2. Agus tangadar go romhoch ar maidin an chéd lá don tseachdmhuin, chum an túama lé héirghe na gréine.

3. Agus a dubhradar eatorra féin, Cía iompeochas dhúinn an leac ó dhorus an túama?

4. Agus ar bhféachain dóibh, do chonncadar an chloch ar na hiomlat: óir do bhí si romhór.

5. Agus ar ndul sdeach ann sa túama dhóibh, do chonncadar ógánach na shuidhe ar a láimh dheis, iomá raibh éudach fada glégheall; agus do ghabh úathbhás íad.

6. Agus a dubhairt seisean ríu, Ná bíodh eagla oraibh: A táthaói ag iarruidh Iósa Nasardha, do céasadh: do éirigh sé; ní bhfuil sé ann so: féuch a náit an ar cuireadar é.

7. Achd imthighidh, innisidh dá dheisciobluibh agus do Pheadar go bhfuil sé ag dul romhuibh don Ghalilé: do chifidhe ann sin é, mar a dubhairt sé ribh.

8. Agus ar nimtheachd dóibhsean a mach go deithniosach, do theitheadar ón túama; óir do bhí críth agus úathbhás orrtha: agus níor labhradar ní ar bith ré héinneach; óir do bhí eagla orrtha.

9. Agus ar neiséirghe Díosa ar maidin an céd lá don tseachdmhuin, do thaisbén sé é féin ar tús do Mhuire Mhagdalén, as ar theilg sé seachd ndeamhain.

10. Agus ar nimtheachd disi do fhoillsigh sí sin don druing do bhi na fhochair sean, do bhí ag gul agus ag caói.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 16