Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 15:40-47 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

40. Agus do bhádar mar an gcéudna mná a bhfad úadh ag féachain: eidir a raibh Muire Mhagdalén, agus Muire mathair Shéumuis bhig agus Ióses, agus Salómé;

41. Noch do lean é, an tan do bhi sé fós sa Ghalile, agus do bhí ag miniosdrálachd dó; agus mórán do mhnáibh eile do chúaidh a néinfheachd ris súas go Híarusaléim.

42. Agus a nois ar dteachd don tráth nóná, (do bhrigh gur bhé lá an ullmhuighthe é, eadhón, an lá roimh an tsabbóid,)

43. Táinic, Ióseph ó Arimatéa, comhairleach onórach, agá raibh fós súil ré ríoghachd Dé, agus do chúaidh sé a sdeachd go dána dionnsuighe Phíoláid, agus do íarr sé corp Iósa.

44. Agus do biongnadh lé Píoláid go mbiadh sé cheana tar éis bháis: agus do ghoir sé an sentúrion, agus do fhíafruigh sé dhe an fada ó fúair sé bás.

45. Agus ar bhfagháil fhiosa ón sentúrion, do bhronn sé an corp do Ióseph.

46. Agus do cheannaigh Ióseph línéadach fínealta, agus do leag sé a núas é, agus do chuir sé an línéadach uime, agus do chuir sé é a dtúama do bhí ar na thochailt a mach as charraig: agus do iomluit sé léac ar dhorus an túama.

47. Agus do bhi Muire Mhagdalén, agus Muire mathair Ióses ag féuchain gá háit a gcuirfidh é.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 15