Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 15:31-42 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

31. Agus is mar an gcéudna a dubhradar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe ré chéile ag fonámhad fáoi, Do fhóir sé ar dháoinibh eile; agus ní héidir leis é féin dfóirighin.

32. Tigeadh Críosd Rí Israél a núas a nois as an gcroich, do chum go bhfaicfimís agus go gcréidfimís. Agus na dáoine do crochadh na fhochair tugadr aithis dó.

33. Agus an tan tháinic an seiseadh húair, do bhí dorchadas ar feadh na talmhan uile go sóithe an náomhadh húair.

34. Agus ann sa náomhadh húair do éigh Iósa do ghuth árd, ag rádh, Eloi, Eloi, lámá sabachtáni? a se sin, ar na eidirmhíniughadh, Mo Dhía, mo Dhía, créd fár thréig tú mé?

35. Agus a dubhradar cuid dá raibh na seasamh a lathair, an tan do chúaladar sin, Féuch, a tá sé gairm Elías.

36. Agus do rioth fear dhíobh agus ar líonadh sboinc dfinegre dhó, agus ar na chur a dtimcheall giolcuigh, tug sé deoch dhó, ag rádh, Leigidh dhó; féacham an dtiocfa Elias dá leagadh a núas.

37. Agus ag éighmhe Díosa do ghúth mhór, do chúaidh a spiorad as.

38. Agus do réubadh brat rointe an teampuill na dhá chuid ó úachdar go híochdár.

39. Agus an tan do chonnairc an senturion, do bhí na sheasamh as a chochair, go ndeachuidh a anam as ag éighmhe mar sin, a dubhairt sé, Go fírinneach do bé an duine so Mac Dé.

40. Agus do bhádar mar an gcéudna mná a bhfad úadh ag féachain: eidir a raibh Muire Mhagdalén, agus Muire mathair Shéumuis bhig agus Ióses, agus Salómé;

41. Noch do lean é, an tan do bhi sé fós sa Ghalile, agus do bhí ag miniosdrálachd dó; agus mórán do mhnáibh eile do chúaidh a néinfheachd ris súas go Híarusaléim.

42. Agus a nois ar dteachd don tráth nóná, (do bhrigh gur bhé lá an ullmhuighthe é, eadhón, an lá roimh an tsabbóid,)

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 15