Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 15:21-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Agus dó chuireadar dfíachuibh ar oglach áirighthe do bhí ag gabháil thárrsa, dar bháinm Simón Siréanach, (athair Alecsander agus Ruphus,) tháinic ón túaith a muich, a chroich diomchar.

22. Agus rugadar léo é do nionad dar ab ainm Golgota, is sé sin, re na éidirmhíniúghadh, Ionad na cloigne.

23. Agus tugadar fíon air ar cuireadh mirr ré na ól dhó: achd níor ghabh seisean é.

24. Agus an tan do chrochadar é, do roinneadar a éaduighe, air dteilgean crannchuir orrtha, créd do thóigfeadh gach neach dhíobh.

25. Agus do bhí an treas úair ann, agus do chrochadar é.

26. Agus do bhí tiodal a chóire air na sgríobhadh ós a chionn, RI NA NIUDUIGHEADH.

27. Agus do chrochadar días gaduidheadh na fhochair; fear ar a láimh dheis, agus fear ar a láimh chlí.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 15