Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 15:2-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Agus do fhiafruidh Pioláid dheisean, An tusa rí na Níuduigheadh? Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris, A deir tusa sin.

3. Agus do chuireadar úachdaráin na sagart mórán na aghaidh: achd níor fhreagair seisean éinní.

4. Agus do fhíafruidh Píoláid dhe a rís, ag rádh, An né nach dtugann tú freagra éigin úait? féuch gá mheid ann a ndéunaid so fíadhnuisi ad aghaidh.

5. Agus níor fhreagair Iósa ní ar bith ó sin a mach; ionnas gur ghabh iongantus Píoláid.

6. Agus ann sa tsolamain do sgáoileadh sé dhóibh én phríosínach a mhaín, gidh bé air bith a díarradáois.

7. Agus do bhí neach áirighe dar bhainm Barabbas, ceangailte a bhfochair a chompánach ceannairce, noch do rinne marbhadh a gceannairc.

8. Agus ag éighmhe don phobal do thionnsgnadar íarruidh air do réir mar do bíodh sé dhóibh a gcomhnuidhe.

9. Do fhreagair Pioláid dhóibh, ag rádh, A náill libh go sgáoilinn dáoibh Rí na Niúduigheadh?

10. (Oír do bhí a fhios aige gur ab tré thnúth do thoirbhir úachdaráin na sagart é.)

11. Agus do ghlúaisiodar uachdaráin na sagárt an pobal, do chum go madh táosga sgáoilfeadh sé Barabbás chuca.

12. Achd ar bhfreagra do Phíoláid, a dubhairt sé riú a rís; Ar a nadhbharsin créd as áill libh do dhéunamh dhamh ris an tési dá ngoirthi Rí na Níuduigheadh?

13. Agus do éighmheadarsan a rís, Croch é.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 15