15. Agus do bhrígh gur mhían lé Píolaid toil an phobail do dhéunamh, do sgáoil sé Barabbás dóibh, agus tar éis Iósa do sgiúrsughadh, tug sé úadh, chum a chrochda é.
16. Agus rugadar na saighdíuiridh a sdeach don halla é, éadhon go cúirt an úachdaráin; agus do ghoireadar an chuidéachda uile a bhfochair a chéile.
17. Agus do chuireadar éadach purpuir uime, agus ag fighe corona spíne dhóibh do chuireadar air í,
18. Agus do thionnsgnadar beannughadh dhó, Día do bheatha, a Rí na Níuduigheadh!