Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 15:12-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. Achd ar bhfreagra do Phíoláid, a dubhairt sé riú a rís; Ar a nadhbharsin créd as áill libh do dhéunamh dhamh ris an tési dá ngoirthi Rí na Níuduigheadh?

13. Agus do éighmheadarsan a rís, Croch é.

14. Achd a dubhairt Píoláid ríu, Créd é an tolc do rinne sé? agus is moide do gháireadarsan sin, Croch é.

15. Agus do bhrígh gur mhían lé Píolaid toil an phobail do dhéunamh, do sgáoil sé Barabbás dóibh, agus tar éis Iósa do sgiúrsughadh, tug sé úadh, chum a chrochda é.

16. Agus rugadar na saighdíuiridh a sdeach don halla é, éadhon go cúirt an úachdaráin; agus do ghoireadar an chuidéachda uile a bhfochair a chéile.

17. Agus do chuireadar éadach purpuir uime, agus ag fighe corona spíne dhóibh do chuireadar air í,

18. Agus do thionnsgnadar beannughadh dhó, Día do bheatha, a Rí na Níuduigheadh!

19. Agus do bhúaileadar é an a cheann lé giolcach, agus do ghabhadar do sheilidhibh air, agus ar léigean a nglún fútha, do rinneadar úmhla dhó.

20. Agus an tan do rinneadar fonámhad fáoi, do bheanadar an téadach purpaír dhe, agus do chuireadar a éaduighe féin uime, agus tugadar a mach é do chum go grochaidís é.

21. Agus dó chuireadar dfíachuibh ar oglach áirighthe do bhí ag gabháil thárrsa, dar bháinm Simón Siréanach, (athair Alecsander agus Ruphus,) tháinic ón túaith a muich, a chroich diomchar.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 15