Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 14:68-72 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

68. Achd do shéan seisean sin, ag rádh, Ni thuigim, agus ní bhfuil a fhios agam créd a deir tú. Agus do chúaidh sé a mach don phóirsi; agus do ghoir an coileach.

69. Agus do chonnairc an cailin é a ris, agus do thionnsgain sí a rádh ris an druing do bhí na seasamh a láthair, Is díobh súd an fearso.

70. Agus do shéan seisean a rís. Agus fá cheann beagáin na dhíaghsin, a rís a dubhradar an mhuinntir do bhí na seasamh a láthair ré Peadar, Go fírinneach is díobh súd thusa: óir is Galiléach thú, agus is cosmhail hurlabhra ríu.

71. Achd do thionnsgain seisean ag mallughadh, agus mionnughadh, Ní haithne dhamh an duinesi a deirthí.

72. Agus do ghoir an coileach an dara húair. Agus do chuimhnigh Peadar ar an fhocal a dubhairt Iósa ris, Ní is táosga na ghoirfeas an coileach fá dhó, séanfuidh tú misi trí húaire. Agus ar ndul a leiththáoibh dhó, do ghuil sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 14