Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 14:62-69 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

62. Agus do fhreagair Iósa, Is mé: agus do chífidhesí Mac an duine na shuidhe air deis chumhachd Dé, agus ag teachd lé néulluibh neimhe.

63. Agus do réub úachdaran na sagart a éudach, ag rádh, Créd é an feidhm a tá aguinn ar fhíadhnuisibh feasda?

64. Do chúalabhair an bhlaisphéíme: créd dó cíthear dháoibhsi? Agus rugadarsan uile breith na aghuidhsean gur thuill sé bás.

65. Agus do thionnsgnadar dream áirighe gabháil do sheilidhibh air, agus a aghaidh dfolach, agus dórna do bhúaladh air, agus a rádh ris, Déana fáidheadóireachd: agus do ghabhadar na seirbhísigh do bhasuibh air.

66. Agus ar mbeith do Pheadair ann sa halla shíos, tháínic áon do chailínibh an ardshadshagairt:

67. Agus ar bhfaicsin Pheadair dá ghoradh dhi, tug sí dha haire é, agus a dubhairt si, Do bhí tusa fós a bhfochair Iósa Nasardha.

68. Achd do shéan seisean sin, ag rádh, Ni thuigim, agus ní bhfuil a fhios agam créd a deir tú. Agus do chúaidh sé a mach don phóirsi; agus do ghoir an coileach.

69. Agus do chonnairc an cailin é a ris, agus do thionnsgain sí a rádh ris an druing do bhí na seasamh a láthair, Is díobh súd an fearso.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 14