Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 14:54-63 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

54. Agus do lean Peadar a bhfad úadh é, nó go raibh sé a sdigh a halla a nárdshagairt: agus do bhí sé na shuidhe a bhfochair na searbhfhoghantuidheadh, agus dá ghoradh ag an teinidh.

55. Agus do bhádar úachdaráin na sagart agus an chomhairle uile ag íarraidh fíadhnuisi a naghaidh Iósa ionnas go gcuirfidís chum báis é; agus ní fhúaradar.

56. Oír do rinneadar mórán dáoine fiadhnuisi bhréige na aghaidh, achd ní thangadar a bhfíadhnuisidhe le chéile.

57. Agus déirgheadar dáoine áirighe, agus do rinneadar fíadhnuisi bhréige na aghaidh, ag rádh,

58. Do chúalamairne é ag rádh, Brisfidh mé sios an teampoll so déunta lé láimhaibh, agus a dtrí lá tóigeabhaidh mé teampoll éile gan obair lámh.

59. Achd mar sin féin ní raibh a bhfíadhnuisi ag teachd lé chéile.

60. Agus ar néirghe na sheasamh a lár cháich don ardhshagart, do chuir sé ceisd ar Iósa, ag rádh, An né nach dtabhair tú freagra ar bith úait? Créd fá ndéunaid so fíadhnuisi ad aghaidh?

61. Agus do thoch seision, agus níor fhreagair sé én ní. Do fhíafruigh an tárdsagart de a rís, agus a dubhairt sé ris, An tusa an Críosd Mac Dé Bheannuighthe?

62. Agus do fhreagair Iósa, Is mé: agus do chífidhesí Mac an duine na shuidhe air deis chumhachd Dé, agus ag teachd lé néulluibh neimhe.

63. Agus do réub úachdaran na sagart a éudach, ag rádh, Créd é an feidhm a tá aguinn ar fhíadhnuisibh feasda?

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 14