Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 14:48-59 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

48. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, An dtangabhair a mach dom ghlacadhsa, amhuil chum biothamhnaigh, lé cloidhmhibh agus lé batuidhibh?

49. Do bhí mé gach éanlá aguibh sa teampall ag teagasg, agus níor ghlacabhuir mé: Achd is éigin na sgríobtuiridh do choimhlíonadh.

50. Agus ar na thréigean san, do theitheadar a dheisciobuil uile.

51. Agus do lean óganach áirighe é, agá raibh línéudach ag folach a lómnochdaighe; agus rugadar na hógánaigh air:

52. Agus ar bhfagbháil an línéadaigh dhósan, do theit sé lemnochd úatha.

53. Agus rugadar Iósa léo chum an árdshagairt: agus do chruinnigheadar ann sin úachdaráin na sagart uile agus na sinnsir agus na sgriobuidhe.

54. Agus do lean Peadar a bhfad úadh é, nó go raibh sé a sdigh a halla a nárdshagairt: agus do bhí sé na shuidhe a bhfochair na searbhfhoghantuidheadh, agus dá ghoradh ag an teinidh.

55. Agus do bhádar úachdaráin na sagart agus an chomhairle uile ag íarraidh fíadhnuisi a naghaidh Iósa ionnas go gcuirfidís chum báis é; agus ní fhúaradar.

56. Oír do rinneadar mórán dáoine fiadhnuisi bhréige na aghaidh, achd ní thangadar a bhfíadhnuisidhe le chéile.

57. Agus déirgheadar dáoine áirighe, agus do rinneadar fíadhnuisi bhréige na aghaidh, ag rádh,

58. Do chúalamairne é ag rádh, Brisfidh mé sios an teampoll so déunta lé láimhaibh, agus a dtrí lá tóigeabhaidh mé teampoll éile gan obair lámh.

59. Achd mar sin féin ní raibh a bhfíadhnuisi ag teachd lé chéile.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 14