Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 14:4-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus do rinneadar dream aca michéadfuidh an a ninntinn féin, agus a dubhradar, Créud fá ndéantar an diombhailsi air a nola?

5. Oír do béidir so do reic ar níos mó ná trí chéd pighin, agus a thabhairt do na bochdaibh. Agus do bhádar rodhiomdhach dhi.

6. Agus a dubhairt Iósa, Léigidh dhi; créd fá gcuirthí búaidhreadh uirrthe? do rinne sí obair mhaith oramsa.

7. Oír a táid boichd bhar bhfochair do ghnáth, agus gidh bé húair bhus toil libh, is éidir dháoibh maith do dhéanamh dhóibh: achd ní bhía misi do ghnáth agaibh.

8. A ní dob éidir lé do rinne sí é: tháinic sí roimhe láimh dungadh mo chuirpso chum a adhluice.

9. A deirimsi ribh go fírinneach, Gidh bé ar bith ball ar feadh an domhain uile an a ndéantar an soisgeulsa do sheanmóir, go ninnéosdar an nísi do rinne sisi leis mar chuimhne uirrthe.

10. Agus dimthigh Iúdas Iscáriot, áon don dá fhear dhég, chum úachdarán na sagart, ionnas go mbraithfeadh sé éisean dóibh.

11. Agus ar na chluinsin sin dóibhsean, do ghabh gáirdeachus íad, agus do ghealladar go dtiobhraidís airgead dó. Agus do íarr seision am iomchubhaidh ar a bhrath dhóibh.

12. Agus an céad lá do shollamain a naráin gan laibhín, an tan do ghuáthaighdís an túan cásg do mharbhadh, a dubhradar a dheisciobail ris, Gá hait ar toil leachd sinne do dhul dullmhughadh do chum go níosdá úan na cásg?

13. Agus do chuir sé días dá dheiscioblaibh, agus a dubhairt sé riú, Imthighidh don chathraigh, agus téigeamhaidh neach oraibh ag iomchar soithigh uisge: leanaidh é.

14. Agus gidh bé ar bith tigh a racha sé a sdeach, abraidh ré fear an tighe, go nabair an Maighisdir, Cáit a bhfuil an séomra a nfear nuadh phosta ann a níosa mé an túan cásg a bhfochair mo dheisciobal?

15. Agus taisbéanuidh seision dhíbh séomra árd fairsing deaghmhaiseach ullumh: ullmhuighidh é dhúinn ann sin.

16. Agus do imthigheadar a dheisciobail, agus tangadar don chathraigh, agus fúaradar mar a dubhairt seision riú: agus do ullmhuigheadar an cháisg.

17. Agus ar dteachd don tráthnóna tháinic seision maille ris an dá fhear dhéug.

18. Agus an tan do shuidheadar agus do chaitheadar bíadh, a dubhairt Iósa, A deirim ribh go fírinneach, Go mbraithfi fear dhíbh misi noch a tá ag ithe bídh am fhochair.

19. Agus do thionnsgnadarsan bheith go dubhach, agus ag rádh ris a ndíaigh a chéíle, An misi é? agus fear eile, An misi é?

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 14