Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 14:39-55 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

39. Agus ar nimtheachd úatha a rís, do rinne sé urnuighe, ag rádh na mbríathara gcéudna.

40. Agus ar bhfilleadh dhó, fúair sé a rís na gcodladh íad: (óir do bhádar a súile trom: agus ní raibh a fhios aca cionnas do bhéuraidís freagra air.

41. Agus táinic sé an treas úair, agus a dubhairt sé riú, Codluidh a nois, agus coimhnuighidh: is lór sin, thainic an úair; féuch, do bheirthear Mac an duine a lámhuibh na bpeacthach.

42. Eírghidh, imthigheam; féuch, is fogus dúinn an té bhraitheas misi.

43. Agus ar an mball, an feadh do bhí sé ag caint, tháinic Iúdas, áon don dá fhear dhéug, agus slúagh mór na fharradh maille ré cloidhmhibh agus lé batuidhibh, ó úachdaránuibh na sagart agus ó na sgriobuidhibh agus ó na sinnsioruibh.

44. Agus tug sé an té do bhraith é comhartha dhóibhsean, ag rádh, Gidh bé neach dhá dtiobhra misi póg, is é sin é; beiridh aír, agus tabhraidh libh é go coimhéudach.

45. Agus ar dteachd dhó, do chúaidh sé air ball chuigesin, agus a dubhairt sé, Día do bheatha a mhaighsidir; agus tug sé póg dhó.

46. Agus do chuir siadsan a lámha annsan: agus do ghabhadar é.

47. Achd ar dtarrang a chloidhimh a mach dfior don mhuinntir do sheas a láthair, do bhúail sé óglach an árdshagairt, agus dó bhean sé a chlúas de.

48. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, An dtangabhair a mach dom ghlacadhsa, amhuil chum biothamhnaigh, lé cloidhmhibh agus lé batuidhibh?

49. Do bhí mé gach éanlá aguibh sa teampall ag teagasg, agus níor ghlacabhuir mé: Achd is éigin na sgríobtuiridh do choimhlíonadh.

50. Agus ar na thréigean san, do theitheadar a dheisciobuil uile.

51. Agus do lean óganach áirighe é, agá raibh línéudach ag folach a lómnochdaighe; agus rugadar na hógánaigh air:

52. Agus ar bhfagbháil an línéadaigh dhósan, do theit sé lemnochd úatha.

53. Agus rugadar Iósa léo chum an árdshagairt: agus do chruinnigheadar ann sin úachdaráin na sagart uile agus na sinnsir agus na sgriobuidhe.

54. Agus do lean Peadar a bhfad úadh é, nó go raibh sé a sdigh a halla a nárdshagairt: agus do bhí sé na shuidhe a bhfochair na searbhfhoghantuidheadh, agus dá ghoradh ag an teinidh.

55. Agus do bhádar úachdaráin na sagart agus an chomhairle uile ag íarraidh fíadhnuisi a naghaidh Iósa ionnas go gcuirfidís chum báis é; agus ní fhúaradar.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 14