Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 14:32-39 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

32. Agus tangadar don ionad dar ab ainm Getsémane: ann sin a dubhairt seisin ré na dheisciobluibh, Suidhigh ann so, go ndéuna mé urnuighe.

33. Agus rug sé Peadar agus Séumas agus Eóin leis, agus do thionnsgain sé bheith go critheaglach brónach;

34. Agus a dubhairt sé riú, A tá manam tuirseach go dtí an bás: fanaidhsi ann so, agus déanaidh faire.

35. Agus ar nimtheachd roimhe dhó beagán, do thuit sé ar talamh, agus do rinne sé urnuighe, ionnus da madh éidir é, go rachadh an úair thairis.

36. Agus a dubhairt sé, Abbá, a Athair, a tá gach ní soidhéanta dhuitsi; cuir an cupánso thoramsa: gidheadh nár ab é an ní bhus toil leamsa, achd an ní bhus toil leachdsa.

37. Agus tháinic sé, agus fúair sé índsan na gcodladh, agus a dubhairt sé ré Peadar, A Shimóin, an bhfuil tú ad chódladh? an né nar bhéidir leachd faire éan úaire do dhénnamh?

38. Déunaidh faire agus urnuighe, do chum nách dteigeamhadh a ccathughadh sibh. A tá an spiorad ullamh go deimhin, achd a tá an cholann anbhfann.

39. Agus ar nimtheachd úatha a rís, do rinne sé urnuighe, ag rádh na mbríathara gcéudna.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 14