Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 14:2-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Achd a dubhradar, Ná déanam é sa tsollamuin, ar eagla go néiréochadh búaidhreadh a measg an phobuil.

3. Agus ar mbeith dhó a Mbetánia, a dtigh Shimóin an lobhair, ar suidhe dhó ar an mbord, táinic bean agá raibh bocsa ola, do spícnárd mhórlúaighe; agus ar mbriseadh an bhocsa dhi, do dhóirt sí ar a chéann é.

4. Agus do rinneadar dream aca michéadfuidh an a ninntinn féin, agus a dubhradar, Créud fá ndéantar an diombhailsi air a nola?

5. Oír do béidir so do reic ar níos mó ná trí chéd pighin, agus a thabhairt do na bochdaibh. Agus do bhádar rodhiomdhach dhi.

6. Agus a dubhairt Iósa, Léigidh dhi; créd fá gcuirthí búaidhreadh uirrthe? do rinne sí obair mhaith oramsa.

7. Oír a táid boichd bhar bhfochair do ghnáth, agus gidh bé húair bhus toil libh, is éidir dháoibh maith do dhéanamh dhóibh: achd ní bhía misi do ghnáth agaibh.

8. A ní dob éidir lé do rinne sí é: tháinic sí roimhe láimh dungadh mo chuirpso chum a adhluice.

9. A deirimsi ribh go fírinneach, Gidh bé ar bith ball ar feadh an domhain uile an a ndéantar an soisgeulsa do sheanmóir, go ninnéosdar an nísi do rinne sisi leis mar chuimhne uirrthe.

10. Agus dimthigh Iúdas Iscáriot, áon don dá fhear dhég, chum úachdarán na sagart, ionnas go mbraithfeadh sé éisean dóibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 14