Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 14:13-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Agus do chuir sé días dá dheiscioblaibh, agus a dubhairt sé riú, Imthighidh don chathraigh, agus téigeamhaidh neach oraibh ag iomchar soithigh uisge: leanaidh é.

14. Agus gidh bé ar bith tigh a racha sé a sdeach, abraidh ré fear an tighe, go nabair an Maighisdir, Cáit a bhfuil an séomra a nfear nuadh phosta ann a níosa mé an túan cásg a bhfochair mo dheisciobal?

15. Agus taisbéanuidh seision dhíbh séomra árd fairsing deaghmhaiseach ullumh: ullmhuighidh é dhúinn ann sin.

16. Agus do imthigheadar a dheisciobail, agus tangadar don chathraigh, agus fúaradar mar a dubhairt seision riú: agus do ullmhuigheadar an cháisg.

17. Agus ar dteachd don tráthnóna tháinic seision maille ris an dá fhear dhéug.

18. Agus an tan do shuidheadar agus do chaitheadar bíadh, a dubhairt Iósa, A deirim ribh go fírinneach, Go mbraithfi fear dhíbh misi noch a tá ag ithe bídh am fhochair.

19. Agus do thionnsgnadarsan bheith go dubhach, agus ag rádh ris a ndíaigh a chéíle, An misi é? agus fear eile, An misi é?

20. Agus ar bhfregra dhósan a dubhairt sé riú, Is fear don dá fhear dhéug é, thumas maráon riumsa sa meis.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 14