Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 14:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus a gcionn dá lá na dhiáigh sin do bhí an cháisg, agus sollamuin a naráin gan laibhín ann: agus díarradar uachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe cionnas do bhéuraidís a bfeill airsean, do chum a mharbhtha.

2. Achd a dubhradar, Ná déanam é sa tsollamuin, ar eagla go néiréochadh búaidhreadh a measg an phobuil.

3. Agus ar mbeith dhó a Mbetánia, a dtigh Shimóin an lobhair, ar suidhe dhó ar an mbord, táinic bean agá raibh bocsa ola, do spícnárd mhórlúaighe; agus ar mbriseadh an bhocsa dhi, do dhóirt sí ar a chéann é.

4. Agus do rinneadar dream aca michéadfuidh an a ninntinn féin, agus a dubhradar, Créud fá ndéantar an diombhailsi air a nola?

5. Oír do béidir so do reic ar níos mó ná trí chéd pighin, agus a thabhairt do na bochdaibh. Agus do bhádar rodhiomdhach dhi.

6. Agus a dubhairt Iósa, Léigidh dhi; créd fá gcuirthí búaidhreadh uirrthe? do rinne sí obair mhaith oramsa.

7. Oír a táid boichd bhar bhfochair do ghnáth, agus gidh bé húair bhus toil libh, is éidir dháoibh maith do dhéanamh dhóibh: achd ní bhía misi do ghnáth agaibh.

8. A ní dob éidir lé do rinne sí é: tháinic sí roimhe láimh dungadh mo chuirpso chum a adhluice.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 14