Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 13:8-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Oír éiréochuidh cineadh a naghaidh cinidh, agus ríoghachd a naghaidh ríoghachda: agus bíaidh crith talmhan a nionaduibh iomdha, agus biáidh gorta agus buáidhreadh ann: ag so tosach amhgar.

9. Achd tabhruidhsi bhur naire ribh féin: óir béuruid síad sibh a láthair coimhthionól; sgiúrsfuidhear sna sinagogibh sibh: agus béarthar sibh a bhfíadhnuisi úachdaran agus ríogh ar mo shonsa mar fhíadhnuisi dhóibh.

10. Agus is éigin an soisgéul do sheanmóir do na huile chineadhachuibh ar tús.

11. Agus an tan bhéuruid síad a láimh, agus thabhrid súas sibh, na biodh na rochás oruibh roimhe láímh créd a déurtháoi, agus ná smúainidh air: achd gidh bé ní do bhéarthar ar a núairsin díbh, abruidh é: oír ní sibhsi labhrus, achd an Spiorad Náomh.

12. Achd cheana do bhéura an dearbhráthair an dearbhráthair éile chum báis, agus an tathair an mac; agus éireochuid an chlann a naghaidh a naithreach agus a maithreach, agus cuirfid chum báis íad.

13. Agus biaidh fúath ag gach uile dhuine dháoibh ar son manmaso: achd gidh bé anfus go búan go deireadh, as é shlánéochar.

14. Achd an tan do chífidhe adhfhuathmhuireachd an léirsgris, air ar labhair Daniel an fáidh, na sheasamh ann sa nionad nár chóir, (tuigeadh an té léaghas,) ann sin teitheadh a mbíaidh a ttír Iúdaighe fá na sléibhtibh.

15. Achd an té bhias air mhullach an tighe, na tigeadh sé a núas ann a thigh, agus ná himigheadh sé a sdeach, do thógbháil neíthe ar bith as a thigh:

16. Agus an té bhías ar an mhachaire, ná casadh sé tar a ais, do thógbháil a éuduigh.

17. Achd budh trúagh dó na mnáibh torrcha, agus do na mnáibh do bhéura cíocha úatha ann sna laéthibh sin!

18. Achd guidhidhsi gan bhar dteitheadh do bheith ann sa gheimhreadh.

19. Oír biáidh annsna laéthibhsin amhgar, amhail nach raibh a leithéid ann ó thús cruthaighe na neitheadh do chruthaigh Día go soithe so, agus nách bía go bráth.

20. Agus muna ngearruigheadh an Tighearna na laéthe úd, ní rachadh éin fhéoil as: achd ar son na ndáoine toghtha, do thogh sé, do ghearraidh sé na laéthe úd.

21. Agus ann sin dá nabra neach ar bith ribh, Féuch, a tá Críosd ann so; nó, féuch, a tá sé ann súd; na creididh é.

22. Oír éiréochuid Críosdanna fallsa agus faidhe fallsa, agus do dhéunuid comharthuidhe agus míormhuile, do mhealladh, na ndáoine toghtha féin, dá madh éidir é.

23. Achd tabhruidhsi bhar naire ribh: féuch, dinnis mé dhíbh gach uile ní roimh a naimsir.

24. Achd ann sna laéthibhsin, tar éis a námhghair úd, dorchóchthar an ghrían, agus ní thiobhra an ghealach a soillso féin úaithe.

25. Agus tuitfid réultanna neimhe, agus béid na cumhachda a tá ann sna neamhaibh ar crith.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 13