Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 12:37-42 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

37. Ar a nadhbharsin goiridh Dáibhí féin a Thighearna dhe; agus cionnas a tá sé na mhac aige? Agus do éisd cudeachda mhor go fonnmhar ris.

38. Agus a dubhairt sé ríu an a theagasg, Coimhéuduidh sibh ó na sgríobuidhibh, lé nab ionmhuin siobhal a gculadhaibh fada, agus fáiltighe dfagháil ar na margaidhibh.

39. Agus na céud ionuid suidhe ann sna sínagógaibh, agus tús suidhe súas ar na féusdaighibh:

40. Noch shluigeas tighe na mbaintreabhach, agus sin fós ar sgáth bheith go fada ag úrnuighe: do gheubhuid so an breitheamhnus is truime.

41. Agus an tan do shuidh Iósa as comhair ionad coimhéuda an chisde, tug sé dhá aire cionnas do chuireadh an pobal ionmhuis ann: agus do chuireadar mórán do dháoinibh saidhbhre mórán ann.

42. Agus ar dteachd do bhaintreabhaigh bhochd áirighe, do theilg sí ann dhá phíosa beaga do ní feóirlinn.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 12