Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 12:35-44 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

35. Agus ar bhfreagrá Díosa a dubhairt sé, ag teagasg ann sa teampoll, Cionnas a deirid na sgríobuidhe gur ab é Criosd mac Dháibhi?

36. Oír a dubhairt Dáibhi féin tríd an Spíorad Náomh, A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearnasa, Suidh ar mo láimh dheis, no go gcuire mé do námhaid na sdól fád chosuibh.

37. Ar a nadhbharsin goiridh Dáibhí féin a Thighearna dhe; agus cionnas a tá sé na mhac aige? Agus do éisd cudeachda mhor go fonnmhar ris.

38. Agus a dubhairt sé ríu an a theagasg, Coimhéuduidh sibh ó na sgríobuidhibh, lé nab ionmhuin siobhal a gculadhaibh fada, agus fáiltighe dfagháil ar na margaidhibh.

39. Agus na céud ionuid suidhe ann sna sínagógaibh, agus tús suidhe súas ar na féusdaighibh:

40. Noch shluigeas tighe na mbaintreabhach, agus sin fós ar sgáth bheith go fada ag úrnuighe: do gheubhuid so an breitheamhnus is truime.

41. Agus an tan do shuidh Iósa as comhair ionad coimhéuda an chisde, tug sé dhá aire cionnas do chuireadh an pobal ionmhuis ann: agus do chuireadar mórán do dháoinibh saidhbhre mórán ann.

42. Agus ar dteachd do bhaintreabhaigh bhochd áirighe, do theilg sí ann dhá phíosa beaga do ní feóirlinn.

43. Agus ar ngairm a dheisciobail dó, a dubhairt sé riu, Go fírinneach a deirimsi ribh, Gur ab mó do chuir an bhainntreabhach bhochd so ann sa chisde, ná cách uile do chuir ní ann:

44. Oír is don ní do bhí diomarcaigh aca do chuireadarsan uile ann; acht do chuir sí so ann dhá dáibhreas féin, a ráibh aice.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 12