30. Ar a nadhbharsin Gráidheíchuidh tú an Tighearna do Dhía féin as do chroidhe uile, agus as thanum uile, agus as thíntinn uile, agus as do bhrígh uile: ag so an chéudaíthne.
31. Agus is cósmhuil ría so, an dara haithne, Gráidhéochuidh tú do chomharsa mar thú féin. Ní bhfuil áithne eile ann is mó ná íad so.
32. Agus a dubhairt an sgríobuidhe ris, Is maith, a Mhaighisdir, a dubhairt tú an fhírinne: as éin Día a tá ann; agus ní bhfuil atharrach ann achd é féin:
33. Agus a ghrádhughadh as a gcroidhe uile, agus as a tuigsin uile, agus as a nanum uile, agus as a mbrígh uile, agus an chomharsa do ghrádhughadh mar é féin, is mó sin ná na huile íodhbartha agus ofráil.
34. Agus an tan do chonnairc Iósa gur thuigseach do fhreagair sé, a dubhairt sé ris, Ní fada ó fhlaitheas Dé atá tú. Agus níor lamh éinneach ó sin súas ceisd do chur air.
35. Agus ar bhfreagrá Díosa a dubhairt sé, ag teagasg ann sa teampoll, Cionnas a deirid na sgríobuidhe gur ab é Criosd mac Dháibhi?
36. Oír a dubhairt Dáibhi féin tríd an Spíorad Náomh, A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearnasa, Suidh ar mo láimh dheis, no go gcuire mé do námhaid na sdól fád chosuibh.