Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 12:3-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Achd ar mbreith air dhóibhsean, do bhuaileadar, agus do leigeadar úatha folumh é.

4. Agus a rís do chuir sé chuca searbhfhoghantuighe eile; agus ar ngabháíl do clochaibh ar an bhfear sin, do bhriseadar a cheann, agus do chuireadar úatha fá mhíomhodh é.

5. Agus a rís do chuir sé neach eile chuca; agus do mharbhadar an fearsin, agus mórán eile; ag buáladh coda aca, agus ag marbhadh coda eile.

6. Achd do bhí aige fós éun mhac, a mháin ionmhuin, agus do chuir sé éisean mar an gceadna chuca fá dheireadh, ag rádh, Do bhéuruid síad onóir dom mhac.

7. Achd a dubhradar na sgológa eatorra féin, Is é so an toidhre; tigidh, marbhum é, agus budh linn féin an oidhreachd.

8. Agus ar mbreith air, do mharbhadar é, agus do theilgeadar as an bhfíneamhain a mach é.

9. Ar a nadhbharsin créud dhéanas tighearna na fíneamhna? Tiocfaidh sé agus sgriosfuidh sé na sgológa, agus do bhéura sé an fhíneamhuin do dháoinibh eile.

10. An né nár léughabhair an sgriobtúir so; An chloch do dhíultadar na sáoir is í atá air na déanamh na ceann sa chúainne:

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 12