Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 12:27-35 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

27. Ní hé Día na marbh é, achd Día na mbéo: ar a nadhbhársin a tá sibhsé ar seachrán go mór.

28. Agus tháinic neach do na sgríobuidhibh chuca, do chúalaidh ag diosbóireachd íad, agus mar do chonnairc sé gur maith do fhreagair sé íad, dfíafruigh sé dhe, Cía an chéud aithne do na haitheantuibh uile?

29. Agus do fhreagair Iósa é, gurab í an chéud do na huile aitheantuibh, Eísd, a Israél; Ar Dtighearna Día, is áoin Tighearna é:

30. Ar a nadhbharsin Gráidheíchuidh tú an Tighearna do Dhía féin as do chroidhe uile, agus as thanum uile, agus as thíntinn uile, agus as do bhrígh uile: ag so an chéudaíthne.

31. Agus is cósmhuil ría so, an dara haithne, Gráidhéochuidh tú do chomharsa mar thú féin. Ní bhfuil áithne eile ann is mó ná íad so.

32. Agus a dubhairt an sgríobuidhe ris, Is maith, a Mhaighisdir, a dubhairt tú an fhírinne: as éin Día a tá ann; agus ní bhfuil atharrach ann achd é féin:

33. Agus a ghrádhughadh as a gcroidhe uile, agus as a tuigsin uile, agus as a nanum uile, agus as a mbrígh uile, agus an chomharsa do ghrádhughadh mar é féin, is mó sin ná na huile íodhbartha agus ofráil.

34. Agus an tan do chonnairc Iósa gur thuigseach do fhreagair sé, a dubhairt sé ris, Ní fada ó fhlaitheas Dé atá tú. Agus níor lamh éinneach ó sin súas ceisd do chur air.

35. Agus ar bhfreagrá Díosa a dubhairt sé, ag teagasg ann sa teampoll, Cionnas a deirid na sgríobuidhe gur ab é Criosd mac Dháibhi?

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 12