Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 12:19-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. A Mhaighisdir, do sgríobh Máoisi dhuinn, Dá bhfaghadh dearbhráthair dhuine ar bith bás, agus do bhfúigfeadh sé a bhean, agus nach bhfuigfeadh sé clann, a dhearbhráthair do ghabháíl a mhná súd chuige, do thógbháíl sleachda dhá dhearbhráthair.

20. Do bhádar móirsheisior dearbhráthar ann: agus tug an cédfhear dhíobh bean, agus ar bhfaghail báis dó, nír fhág sé sliochd.

21. Agus do ghabh an dara fearr chuige í, agus fúair sé bás, agus níor fhág seision fós sliochd: agus an treas fear mar an gcéudna.

22. Agus tugadar an móirsheisear í, agus nír fhagbhadar sliochd: agus tar éis cháich uile fúair an bhean bás mar an gcéadna.

23. Ar a nadhbharsin ann sa neiséirghe, an tan do dhéunuid eiséirghe, cía aca da madh bean í? oír do bhí sí ag an móirsheisior na mnáoi.

24. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé riú, Nach uime so a tá sibh ar seachrán, tré nách bhfuil éolus na sgriobtúirigh aguibh, na cumhachd Dé?

25. Oír an tan éiréochuidh síad ó mharbhuibh, ní thabhruid fir mná, agus no tabharthar mná dfearuibh; achd a táid mar na hainglibh a tá ar neamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 12